Ard na Gréine, an Daingean | This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. | 0669152889

Fáilte

Áiseanna na hÓige CTR.

Eolas fúinn:

Is Ionad Tacaíochtaí do Theaghlaigh agus Áis do na Blianta Luatha é Áiseanna na hÓige a dheineann freastal ar Chorca Dhuibhne. Tá réimse leathan seirbhísí i gcúram leanaí ar fáil san Ionad.

Is ar Choiste Áiseanna na hÓige Teo. atá an fhreagracht as bainistíocht ghinearálta an Ionaid. Is coiste deonach é an coiste sin, a bunaíodh sa bhliain 2000 chun freastal ar riachtanaisí cúram leanaí sa Daingean. Is leis an gcoiste foirgneamh Áiseanna na hÓige, agus tá sé cláraithe mar chomhlucht le stádas carthannachta.

Fé láthair, cuireann Coiste Áiseanna na hÓige cláracha neamh‑bhrabúsacha i gcúram leanaí ar fáil do leanaí na dúthaí, cláracha atá cláraithe le TUSLA. Bímíd ag freastal ar leanaí d’aois scoile agus tar éis scoile, agus deinimíd áisitheoireacht ar chúrsaí iompair chuige. Cuirimíd béile folláin ar fáil chomh maith, do na leanaí go léir a bhíonn istigh sa Ionad.

Ina theannta san, cuirimíd seirbhísí tacaíochta ar fáil do theaghlaigh, agus le cabhair ó ThUSLA, tá oibrí fostaithe go páirt‑aimseartha againn sna cúrsaí sin. Cuirimíd tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar bhonn foirmeálta agus ar bhonn neamh‑fhoirmeálta, tacaíochtaí trí chreatlach MhEITHEAL san áireamh.

Tá áthas orainn go mbíonn an tIonad á roinnt againn le dhá ghrúpa eile a sholáthraíonn cúram leanaí don gcéad scoth. Siad so leanas na páirtnéirí atá againn:

Tá Áiseanna na nÓige lonnaithe i mBaile Seirbhís Gaeltachta Dhaingean Uí Chúis  agus tá béim faoi leith againn ar úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil.

Mol An Óige:

Cláir oideachais a sholáthar do gach aoisghrúpa. Is féidir le páistí fanacht le haghaidh seisiúin ar maidin, tráthnóna agus tar éis scoile. Soláthraíonn Mol An Óige áiteanna ECCE (réamhscoil saor in aisce) freisin.

Uaireanta oscailte 8am-5.30i.n

Ag soláthar réimse leathan seirbhísí lena n-áirítear:

Cúram lae iomlán 9am-5.30i.n

Club bricfeasta 8am-9am

Seisiún ar maidin 9am-1i.n

Montessori (Réamhscoil Saor in Aisce)

Réamhscoil 9am-12 i.n

Taréis réamhscoile 12 i.n- 5 i.n

Seisiún tráthnóna 1 i.n-5 i.n

Naíonra an Daingin:

Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta- a oibríonn Naíonra an Daingin- Seirbhís náisiúnta a sholáthraíonn cúram luathbhlianta ar fud réigiúin na Gaeltachta. Tá an tseirbhís bunaithe ar shúgradh, trí Ghaeilge agus cuirtear ar fáil í i dtimpeallacht shábháilte, fháilteach, shona agus thacúil. Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar Suíomh Gréasáin Comhar Naíonraí na Gaeltachta

http://www.comharnaionrai.ie 

Cuideachta faoi theorainn Ráthaíochta agus gan scairchaipiteal aici.

  •  Uimhir Chláraithe na Cuideachta: 360276

  • Uimhir CHY: 15428

  • Uimhir Charthanachta Cláraithe: 20053192
Coiste Áiseanna na Hóige:
  • Seamus Cosaí Mac Gearailt-stiúrthóir
  • Seosamh Ó beaglaoi- stiúrthóir
  • Seosamh Téiri- cathaoirleach
  • Irene Ní Flannúra- runaí
To top

Gach clár af fáil ar 066 9152889

Teagmhálacha lárnacha

Róisín Mc Kenna

(Bainisteoir Ionad Acmhainní Teaghlaigh)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Fiona Nic Gearailt

(Comhordaitheoir Tionscadail)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Barrett

(Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh)
0857261796
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Ní Shé

(Stiúrthóur Naíonra an Daingin)
0852094445
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Gemma Durrant

(Úinéir Mol An Óige)
0860442114
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.