SEOMRA na LEANAÍ BEAGA
DO LEANAÍ IDIR BHLIAIN go LEITH AGUS 2.8 BLIAIN
I Seomra na Leanaí Beaga, cuirtear a mhalairt de chlár ar fáil do leanaí dhá bhliain d’aois, atá tar éis dul chun cinn a dhéanamh ó chéim na mbunóc. Cuireann Seomra na Leanaí Beaga tacaíocht agus spreagadh ar fáil chun go mbeadh na leanaí ag imirt is ag splóráil i dtimpeallacht sábháilte tacúil.
Céim mhór chun tosaigh é seo i bhfás agus i bhforbairt bhur leanaí. Is ag an gcéim seo a thosnóidh bhur leanaí ag dul i ngleic le cáirde nua, ag forbairt scileanna nua sóisialta, agus ag foghlaim mar gheall ar chaidreamh dearfa sóisialta.
Nuair a bhogfaidh bhur leanaí isteach sa tseomra so, raghaidh siad i dtaithí ar ghnáth‑chúrsa bunúsach foghlama, mar shampla, suí síos ag an mbórd chun greim bídh a ithe, nó an lón, nó dul i dtaithí ar am na gciorcal, ar chúrsaí ealaíona agus ceárdaíochta, agus a thuilleadh nach iad, faid is a bheidh forbairt ag teacht ar a scileanna teangan agus ar a scileanna láimhseála.
0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.