Ard na Gréine, an Daingean | This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. | 0669152889

ECCE- Montessori - Mol An Óige

ECCE- Montessori - Mol An Óige

Tá clár Mhontessori an tí seo ar fáil dóibh siúd atá i dteideal an ECCE (2 bhliain agus trí rátha d’aois), ar feadh dhá bhliain. Is cur chuige don oideachas é an t‑oideachas Mhontessori bunaithe ar ghníomhaíochtaí a stiúraíonn an leanbh féin, an fhoghlaim gníomhach, agus an imirt i gcomhpháirt.

Sna seomraí ranga a bhíonn ag feidhmiú do réir módh an Mhontessori, deineann na leanaí féin cinní cruthaitheacha mar gheall ar a gcuid foghlama féin, faid is a bhíonn múinteoirí árd‑oilte an tí ag cur gníomhaíochtaí ar fáil atá oiriúnach d’aois na leanaí, chun stiúir a chur ar an bpróiséas. Bíonn na leanaí ag obair ina n‑aonar nó i ngrúpaí, chun splóráil a dhéanamh agus chun teacht ar eolas fén saol ina maireann siad, agus chun an póitéinseal is aoirde is féidir leo a bhaint amach.

Cur chuige don oideachas é an Montessori atá oiriúnach do shaol an duine ar fad. Roinntear na seomraí ranga so againn‑ne i limistéirí éagsúla, a thugann an deis do bhur leanaí a bheith neamh‑spleách agus stiúir a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin, agus chun go dtuigfí dhóibh go mbaineann an áit leo. Siad so leanas na limistéirí éagsúla san:

An Saol Praiticiúil:

Chun deis a thabhairt do bhur leanaí gnáth‑scileanna an lae a fhorbairt agus a chleachtadh, rud a chabhróidh leothu cur lena gcumas a n‑áird a dhíriú agus comh-órdú a dhéanamh ar a gcorp.

Na Céadtaí:

Le splóráil agus úsáid na n‑ábhar sa tseomra so, spreagtar na leanaí chun órd agus eagar a chur ar thréithe fisiciúla an domhain, rud a chabhróidh leo forbairt a dhéanamh ar an réasúnaíocht agus ar aclaíocht a gcorp.

An Mata:

Féadfaidh na leanaí foghlaim cheart a dhéanamh ar choincheapanna na matamaitice ag baint úsáid as acmhainní Mhontessori agus as an gcur chuige gníomhach.

An Teanga:

Cuireann an Montessori deis ar fáil dosna leanaí chun tógaint a thuilleadh ar bhunsraith a gcuid scileanna sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. Deintear áisitheoireacht ar imeachtaí eile ar nós an amhránaíocht agus an léitheoireacht, as Gaeilge agus as Béarla, agus ar gach sórt eile cumarsáide agus forbairt teangan ins gach réimse don gcuraclam.

An tíreolaíocht, an stair, an bhitheolaíocht, eolaíocht na bplandaí is na n‑ainmhithe, an ceol, an ealaíon, agus an chruthaitheacht: téitear i ngleic leo go léir le cur chuige na splórála agus na gníomhaíochta, bunaithe ar an dtuiscint gur as a dtaithí féin is fearr a bhíonn leanaí ag foghlaim.

To top

Gach clár af fáil ar 066 9152889

Teagmhálacha lárnacha

Róisín Mc Kenna

(Bainisteoir Ionad Acmhainní Teaghlaigh)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Fiona Nic Gearailt

(Comhordaitheoir Tionscadail)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Barrett

(Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh)
0857261796
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Ní Shé

(Stiúrthóur Naíonra an Daingin)
0852094445
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Gemma Durrant

(Úinéir Mol An Óige)
0860442114
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.